Irish Independent - Seachtain

Éire in aghaidh an Tuaiscirt agus áit i gCraobhach­a na hEorpa le bua?

-

Ní staid é Páirc Windsor i mBéal Feirste a mbeidh dúil ag aon duine de chuid lucht leanúna fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann dul ar cuairt ann go luath.

Fiú is go bhfuil na fíor-dhrochlaet­hanta thart ó thuaidh, ní áit é Windsor a chuireann fáilte roimh aon fhoireann ón taobh amuigh tar éis an dul chun cinn atá déanta ag foireann an Tuaiscirt faoi bhainistío­cht Michael O’Neill le blianta beaga anuas.

D’éirigh leo Sasana a chloí agus go leor foirne eile a raibh clú orthu - ach ní hé an taifead sacair a bheidh ag cur as d’fhoireann Mick McCarthy agus leantóirí imreoirí na Poblachta.

Tá cuimhne go fóill ar chluiche a imríodh in Windsor in 1994 nuair a bhí Jack Charlton ag bainistiú fhoireann na hÉireann. Ní hé an sacar ar an bpáirc a spreag na cuimhní ach iompar seicteach cuid de leantóirí an Tuaiscirt.

Spreag an léiriú fuatha an oíche úd an drámadóir Marie Jones chun pinn agus scríobh sí dráma dar teideal ‘A Night in November’ faoin tionchar a bhí ag an oíche sin ar leantóir de chuid an Tuaiscirt.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland