Tá Rita ag troid leis an Ninja!
Tá Rita ag éirí níos dána agus níos cróga de réir mar a théann sí in aois. Roimhe seo bhí an cailín beag a chum Máire Zepf agus an t-ealaíontóir Feirsteach Andrew Whitson do shraith leabhar An tSnáthaid Mhór ag spraoi le cailleach, ag damhsa le dragan, ag cleasaíocht leis an róbat agus ag cumadh draíochta le sióg mhaith. Anois, sa leabhar is déanaí a seoladh le linn Fhleadh Feirste ag an gCultúrlann, tá sí ag troid leis an Ninja!