DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
Seo tairiscint ón ollchomhlacht domhanda Microsoft nach féidir a dhiúltú más múinteoir Gaelscoile thú.
Tá an fathach ríomhaireachta a bhunaigh Bill Gates ag tairiscint uair an chloig fíorluachmhar do ranganna i nGaelscoileanna agus i meánscoileanna Gaeilge.
Is éard atá i gceist leis an ‘uair chódaithe’ ná seisiún trí uair an chloig ar fad dúirt mé leat go raibh sé speisialta - do do rang chun oiliúint a fháil ó shaineolaithe códaithe Microsoft ina gceannáras i mBaile Átha Cliath. Beidh sibh ag spraoi le carachtair ó Minecraft agus ó chláir eile ar nós Microbit.
Tugtar dúshlán don rang ar fad le tabhairt faoi agus bíonn treoir ann ó na cúntóirí chun daoine a choimeád ar an mbóthar ceart.
Bíonn lón saor in aisce ann freisin sa cheannáras ar leith ina bhfuil eas uisce fíorúil agus é go léir as Gaeilge. An t-aon rud ar gá don scoil íoc as ná an taisteal chuig an ionad agus abhaile arís.
Is í Niamh Ní Mháille, múinteoir bunscoile ó Liatroim ó dhúchas, atá tar éis Microsoft a spreagadh chun an tseirbhís a thairiscint trí Ghaeilge.
“Thosnaigh sé nuair a bhí mé ag labhairt i nGaeilge le linn gnáthsheisiúin le daltaí ó Ghaelscoileanna agus ansan dúirt mé le mo chomhghleacaithe cén fáth nach ndéanfaimis uair chódaithe a thairiscint trí Ghaeilge go hoifigiúil,” a dúirt Niamh.
Tháinig Microsoft ar bord agus anois tá dornán scoileanna tar éis seisiúin a bheith acu as Gaeilge.
Tá liosta feithimh ann do sheisiúin na scoilbhliana seo ach osclóidh an liosta arís i mí an Mhárta don scoilbhliain seo chugainn.