FOCLÓIRÍN
DEA-SHEACHTAIN: HAFOD HARDWARE
Ar na saolta seo tá an fhógraíocht Nollag mhothúchánach an-tábhachtach ó thaobh brandála de.
Samhlaím go dtosaíonn léiriúchán do na fógraí sofaisticiúla maoithneacha sin do John Lewis i mí Iúil agus go mbíonn na céadta daoine ag obair orthu.
Dá bharr sin tá rathúlacht an tsiopa Bhreatnaigh sa mhargadh plódaithe seo níos milse fós. Rinne an siopa cruaearraí físeán mearscaipthe, atá dhá nóiméad ar fad, mar fhógraíocht don siopa ar níos lú ná £100.
Taispeánann an fógra buachaill óg (mac an úinéara) ag fás ina fhear (an t-úinéir) agus é ag obair sa siopa.
An t-aon chostas a bhí ar an bhfíseán ná uair an chloig d’am stiúideo chun an t-amhrán a bhí ann a thaifeadadh.
Tá os cionn milliún radharc anois ag an bhfógra ón mbaile beag Breatnach ina bhfuil 2,000 duine ina gcónaí agus suim ó bhrandaí móra ar nós Visa.
Má theastaíonn casúr uaim sa Bhreatain Bheag faoin tuath riamh, tá a fhios agam cá háit le dul.
DROCH-SHEACHTAIN: SINN GO LÉIR
Is annamh go mbeadh catagóir chomh leathan sin agam le haghaidh m’ailt, ach tá tionchar mór aige seo orainn ar fad. Calraí thréimhse na Nollag.
Is cleachtas níos coitianta agus níos intuigthe anois é na gcalraí a rianú le haipeanna nó le pleananna aiste bia ach bhí an nuacht seo thar a bheith uafásach domsa fós. Dar le Brian Keane, traenálaí pearsanta, d’fhéadfaimis beagnach dhá chileagram a chur orainn ar Lá Nollag amháin. Cuireann roinnt meastachán ár gcaitheamh calraí Lá Nollag idir 6,000 - 8,000.
Cuireann Keane in iúl freisin go mbeidh a lán den “mheáchan” sin imithe arís faoi cheann lá nó dhó, ní mar an gcéanna le “saill” é.
Bímis macánta linn féin, an dtaitníonn fiú leath an bhia a ithimid ar Lá Nollag linn?
Ní dóigh liom é. Itheann muid é as traidisiún, dualgas agus mar gheall go mbeadh sé ait go leor suí síos go béile réamhullmhaithe Slimming World ar Lá Nollag.
Sin ráite, ní bheadh mórán ullmhúcháin i gceist. mhothúchánach: emotional meastúchán: estimates