Fáilte go Réidh le Plé! na seachtaine seo.
Fáilte go Réidh le Plé! na seachtaine seo. Ní fada uainn an Nollaig ach tá obair mhór le déanamh agat fós! An tseachtain seo beidh mé ag féachaint ar an ngearrscéal ‘Leigheas’ le hÓrna Ní Choileáin, scéal atá ar chúrsa an dara/tríú bliain do scoileanna T2. Anuas air sin, beidh mé ag féachaint ar an ngearrscannán Cáca Milis do lucht na hArdteiste. Ní raibh ceist ar an dara páipéar faoin ngearrscannán seo le fada an lá agus is fiú go mór duit súil a chaitheamh ar an obair atá agam duit.
Coinnigh ort ag obair go dian dícheallach!
Shane