(Scoileanna T2: An Dara/Tríú Bliain)
Achoimre
Tá beirt phríomhcharachtar sa ghearrscéal seo, Méabh agus Aindrias, iad pósta ar a chéile. Is ailtire í Méabh agus is dealbhóir é Aindrias. Ag tús an ghearrscéil, deirtear linn gur cailín álainn séimh í Méabh ach go bhfuil sí in ísle brí le fada an lá. Tugann Aindrias faoi deara nach bhfuil sí sásta. Tá an bheirt acu ag cóisir gharraí an pharóiste agus cé go bhfuil Méabh ag cabhrú ag seastán, níl sí ag díriú ar an obair atá idir lámha aici. Ar an mbealach abhaile deirtear linn go bhfuil Aindrias buartha faoi Mhéabh. Tá sí faoi bhrú uafásach ag an obair. Tá bulaí, Conchubhar, tar éis tosú ag obair san oifig agus bíonn sé an-dian uirthi. Goideann sé obair ó Mhéabh, ag ligean air féin gur eisean a rinne í. Tá Aindrias den tuairim gur ceart do Mhéabh éirí as an oifig agus a gnó ailtireachta féin a bhunú ach ní chreideann Méabh go bhfuil go leor gnó sa bhaile do dhá oifig. An lá tar éis na cóisire, buaileann drochshlaghdán Aindrias agus bíonn air fanacht sa bhaile. Tagann an dochtúir chuige agus deir sé leis go bhfuil ‘strep’ air agus gur gá dó leigheas a ghlacadh. Is léir go bhfuil Méabh buartha faoi agus gur mhaith léi fanacht sa bhaile le haire a thabhairt dó, ach tá an-bhrú uirthi dul ag obair. I rith an lae, éiríonn Aindrias níos crosta faoi dhroch-chás a mhná. Déanann sé teagmháil léi ar an bhfón agus tagann sí abhaile ag am lóin ach ní fheiceann sé arís í an lá sin mar go bhfreastalaíonn sí ar chlub leabhar. Idir an dá linn, tagann an dochtúir ar ais agus a fhad is atá teocht Aindrias á glacadh aige titeann an teirmiméadar isteach i ndeoch the a réitigh Méabh dó. Tugann sé sin léamh earráideach don dochtúir agus ceapann sé go bhfuil Aindrias i bhfad níos measa ná mar atá. Tar éis don dochtúir an teach a fhágáil, éiríonn Aindrias agus é crosta. Teastaíonn uaidh labhairt le Conchubhar agus deireadh a chur leis an mbulaíocht.
Sroicheann sé an oifig agus scaoileann sé é féin isteach san oifig. Feiceann sé Conchubhar ann ach tuigeann sé sách sciobtha go bhfuil Conchubhar ag suansiúl. Feiceann sé é ag siúl chomh fada leis an staighre agus ag titim anuas. Ritheann Aindrias chuige ach athraíonn sé a intinn agus téann sé abhaile. Glacann sé piolla codlata agus an mhaidin dár gcionn dúisíonn sé an-déanach. Tá ríméad ar Mhéabh. Insíonn sí d’Aindrias go raibh argóint mhór aici le Conchubhar an oíche roimhe agus gur fhág sí a post. Tá faoiseamh uirthi. Agus iad ag labhairt, cloiseann siad cloigín an dorais agus tagann na Gardaí isteach sa teach. Insíonn siad do Mhéabh go bhfuil a fhios acu go raibh argóint aici le Conchubhar an oíche roimhe agus go bhfuarthas marbh é, ag bun an staighre san oifig, an mhaidin sin. Tá siad tagtha chun Méabh a ghabháil.
Gluais
ailtire: architect
dealbhóir: sculptor
seastán: stand
gnó ailtireachta: architectural business
idir an dá linn: in the meantime
teirmiméadar: thermometer
ag suansiúl: sleepwalking
tá faoiseamh uirthi: she is relieved
a ghabháil: to arrest