Gradaim Irish Post
Ní raibh ticéad fágtha d’ócáid Ghradaim The Irish Post a bhí ar siúl in Park Lane i Londain, Sasana le déanaí. Craoladh na gradaim beo ar TG4. Bhí os cionn 1,250 duine i láthair ag an ócáid agus na mílte ag féachaint orthu ar an teilifís. Eamonn Holmes agus Aoife Ní Thuairisg a bhí mar láithreoirí ar an oíche úd. Bhí go leor faisin agus galántachta le feiceáil ar an gcairpéad dearg. Nach méanar dóibh!