A Chraoltóirí – tugtar cothrom na Féinne don Ghaeilge
Ritheadh rún d’aon ghuth ag Comhdháil Chontae Chorcaí den CLG ag an deireadh seachtaine ag moladh don gCumann Lúthchleas Gael - tá an leid san ainm - iarraidh ar gach craoltóir a cheannaíonn cearta le haghaidh beochraoladh teilifíse ar a gcluichí móra rogha de thráchtaireacht bheo i nGaeilge a chur ar fáil.
Tá ag éirí go maith leis an tseirbhís seo ó thosnaigh RTÉ léi do bhabhtaí ceathrú ceannais na gCraobhacha Uile-Éireann ach anois tá gá go seasfadh Virgin agus Sky suas agus a gcuid a dhéanamh chun an chuid riachtanach seo d’oidhreacht na gcluichí Gaelacha óna saothraíonn go leor brabúis a aithint. Ní hamháin sin ach is cinnte go bhfuil lucht féachana ann a dtaitneodh sé leo.
Is maith an rud é gur éirigh leis an rún a mhol CLG Naomh Abán ó Ghaeltacht Mhúscraí. Ní fios anois an leanfaidh contaetha agus cumainn eile sampla Chorcaí agus a mhacasamhail de rún a rith ag a gcomhdhálacha féin.
Bheadh sé ina réamhshampla iontach agus sinn ag féachaint chun tosaigh do bhliain na gCluichí Oilimpeacha i dTóiceo.