(Scoileanna T1 agus T2)
Tá sé an-tábhachtach go mbeadh a fhios agaibh conas litir a scríobh. Tá leagan amach na litreach chomh tábhachtach céanna leis na pointí a luaitear inti. Ar ndóigh, tá sé tábhachtach go mbeadh do chuid Gaeilge cruinn agus go mbeadh roinnt mhaith frásaí deasa in úsáid sa litir freisin. Seo leagan amach na litreach:
1. 2.
Seoladh
Foghlaim seoladh de ghlanmheabhair. Mar shampla: 6 An Bóthar Mór, Bearna, Co. na Gaillimhe.
Dáta
Cuimhnigh gur gá a bheith cruinn leis an dáta. Do litir chuig Daidí na Nollag ba cheart duit scríobh i Mí na Nollag. Foghlaim na míonna go léir de ghlanmheabhair. 3. 4.
Beannú
Tosaigh litir le ‘A Mháire, a chara,’ nó ‘A Thomáis, a chara,’. Tugaimid an beannú ar an gcuid seo den litir.
Tús
Bain úsáid as cúpla nath deas anseo chun tús a chur le do litir. Seo roinnt samplaí duit: