Irish Independent - Seachtain

An dúshlán tráth na saoire, le linn na Nollag nó an tsamhraidh, bheith ar saoire!

- DÁITHÍ ÓSÉ

SHREK (LEAGÁN GAEILGE)

Lá Nollag, 5.20in

Seans go bhfaca sibh Shrek an tráth seo bliana uair nó dhó roimhe seo - ach an uair seo beidh sé éagsúil, beidh sé i nGaeilge!

Táimid nach mór ann, dhá lá eile agus ansin an geata a tharrac taobh thiar díom agus cosa in airde go ceann ocht lá dhéag.

Is iontach an bhraistint é a bheith in ann dul isteach id’ thig féin agus cúpla lá a thabhairt ag siúl timpeall sna brístí gearra.

Gan mé fhéin a bhearradh. In ana-chuid postanna is féidir gan é seo a dhéanamh ó am go chéile, ach ní féidir lem’ phostsa. Faraoir is féasóg bhán a bhíonn orm agus tá sé níos fusa í a bhaint díom.

Sin ráite bhíodar ag rá liom go raibh sé tábhachtac­h go mbeadh an áit ag féachaint go deas don bhfear mór.

Bhíos ag déanamh amach go mbeadh sé gnóthach a dhóthain Oíche Nollag agus go mbeadh sé dorcha agus nach dtógfadh sé aon cheann don áit!

Ní raibh éinne ag éisteacht liom, aríst! Beirt im’ choinne agus bhíos ag rá liom fhéin go raibh mo shaoire ag sleamhnú uaim.

Nuair a bhí seo ar fad á rá bhíos ag féachaint timpeall orm féin agus bhí taobh amuigh don dtig imithe amach ón gcairt. Ag tosnú leis an ndoras tosaigh.

Tá beirt chomharsan agus doirse nua fachta, rud a d’fhág an doras seo againne in áit na leathphing­ine.

Tá cúpla míle Euro ar na doirse sin agus i ndáiríre níl faic mícheart leis an gceann atá againn, bheartaíos ar phéint a fháil dó ach bhíos ag rá léi fhéin gur droch-am don mbliain é seo a dhéanamh.

Níor stad an liosta ag an ndoras tosaigh.

Caithfimid an tig a phéinteáil a dúirt Bean an Tí. Caithfidh ach chun an fhírinne a rá seo tá an t-am mícheart dom mbliain ann arsa mise. Ní dóigh liom gur chreid sí mé.

Is iontach an fear nó bean é nó í Google a deireann gur fearr é seo a dhéanamh sa tsamhradh. Braitheann sé ar an té atá á léamh.

Bhí mo shaoire ag sleamhnú uaim leis na rudaí seo ar fad agus tarlaíonn sé i gcónaí, ach de ghnáth is mé fhéin a cheapann an liosta seo.

Aríst leis an bhfírinne a rá libh. Is breá liom saoire na Nollag, ach tar éis cúpla lá bím míshocair agus bíonn orm tabhairt fé rud éigin.

Ach chun mé féin a fháil sa mheon aigne ceart caithfidh an tsaoirse aigne cheart a bheith agam.

Más dóigh liom go gcaithfidh mé na rudaí seo ar fad a dhéanamh titfidh an rud ar fad as a chéile im’ cheann.

Sea táim ait agus is minic é ráite libh. Agus nach iontach an rud é sin!

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland