Éilítear ceannaireacht teanga ar McHugh
D’iarr an lucht feachtasaíochta ar an Aire próiseas comhairliúcháin a bhunú mar bhronntanas na Nollag don teanga.
Tá scéim dá leithéid in ionaid réamhscolaíochta i roinnt Gaeltachtaí cheana féin.
“Ba cheart go gcinnteodh an polasaí go bhfuil an deis ag gach duine staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus go gcuirfí aon tacaíocht bhreise a theastaíonn ar fáil,” a dúirt de Spáinn mar fhocal scoir.
CUIMSITHEACH
Dúirt Clíodhna Ní Dhufaigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn: “Bhainfeadh na scoláirí a d’fhoghlaimeodh an Ghaeilge faoin mbeartas nua seo tairbhe as cur chuige comhtháite agus cuimsitheach sa chóras ón gcéad lá ar an réamhscoil go dtí scrúdú na hArdteistiméireachta agus ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal.
“Caithfimid a chinntiú freisin go bhfuil daoine ó gach cineál cúlra teangeolaíochta agus cumais san áireamh sa bheartas.”
Léirigh an rialtas féinrialaitheach in San Sebastian le deireanaí go bhfuil ag éirí lena mbeartas réamhscolaíochta. Tá líon na ndaoine a labhraíonn Bascais tar éis fás ó 24% go 34% le fiche bliain anuas, agus tá líon na ndaoine faoi bhun 25 bliain d’aois a labhraíonn an teanga gach lá tar éis fás go 73%.