2020: COIMEÁD SÚIL AR
Éachtaí Oilimpeacha na hÉireann
Beidh foireann na hÉireann ag tabhairt faoi na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo le dóchas breise i mbliana agus daoine ag súil le torthaí níos fearr ná riamh ónár laochra.
Éiríonn go maith lenár ndornálaithe i gcónaí ach anuas air sin tá seans againn boinn a bhuachaint i gcomórtas haca na mban, sa tseóléimneach, san aclaíocht (Rhys McClenaghan), snámh, rámhaíocht (muintir Donovan agus eile), na seoltóirí agus sin sula dtagaimid go dtí an rian reatha agus na spóirt pháirce.
Go n-éirí lenár laochra spóirt ar fad. Táimid thar a bheith bródúil astu.