BUAICPHOINTE NA BLIANA
Aon duine nach Bleá Cliathach é beidh sé deacair aige a admháil gurb é éacht fhoireann Bhaile Átha Cliath cúig chraobh UileÉireann as a chéile a bhuachaint an t-éacht is mó riamh i stair CLG.
Ach is cinnte gurb iad an fhoireann a ghlac Jim Gavin faoina stiúir - agus atá anois tugtha ar láimh aige do Dessie Farrell - ríthe na peile agus go bhfuil a n-áit bainte amach acu i leabhair staire an spóirt i gcoitinne. An dtarlóidh a leithéid arís agus sinn beo - ar éigean é!
An deacracht is an dúshlán roimh fhoirne i gcontaetha eile nach féidir linn a shamhlú conas a chuirfear stop le caithréim na príomhchathrach sa spórt seo. Agus ar ndóigh, ní hamháin gurb iad Átha Cliath ríthe na peile ach tá foireann pheil na mban i réim freisin nó is iad mná Átha Cliath na banríona tar éis dóibh trí chraobh as a chéile a bhuachaint.
Is cinnte go mbeidh deis ag foirne eile, uair éigin amach anseo, na ríthe achurdá mbonnaibh – ach go dtí sin, ba cheart dúinn a gceart a thabhairt dóibh agus comhghairdeas a ghabhail le hÁth Cliath.