Tá oifigigh ag obair chun scéim sláinte na Treorach Trasteorann a choinneáil i ndiaidh an Bhreatimeachta
Ríocht Aontaithe i ndiaidh an Bhreatimeachta.
Tá an Bhreatain leis an Aontas Eorpach a fhágáil ag deireadh na míosa.
Dheimhnigh Feidhmeannacht na
Seirbhíse Sláinte (an FSS) go leanfar leis an Treoir i ndiaidh don Ríocht Aontaithe fágáil ar deireadh tar éis na hidirbheartaíochta fágála ag deireadh na bliana; agus go dtabharfar dlíthe nua isteach chun socruithe speisialta a chur i bhfeidhm fiú má bhíonn Breatimeacht crua ann.
Ach le holltoghchán ar na bacáin, d’fhéadfadh aon mhoill ar an dlí nua a thabhairt isteach an scéim a chur i mbaol.
Faoin scéim sin, féidir le saoránaigh sa Phoblacht cóir leighis a fháil in aon stát eile san Aontas Eorpach agus formhór na gcostas a éileamh ar an FSS. Íoctar ráta aisíocaíochta bunaithe ar chostas na cóireála sa Phoblacht.
Léirigh staitisticí a d’eisigh an FSS gur thaistil níos mó ná 7,000 duine go Tuaisceart Éireann in 2019 le haghaidh obráidí éagsúla, ó chatarachtaí a bhaint go hathchur cromáin.
Sin trí oiread an líon daoine a d’úsáid an scéim in 2017. is
Ach mar gheall ar an éileamh méadaithe ar obráidí tá an t-am go n-aisíocann an FSS na hothair tar éis dúbailt go dtí níos mó ná trí mhí. Bhíodh cúig seachtaine i gceist.
Is iad Ospidéal Príobháideach an Kingsbridge i mBéal Feirste agus Clinic Neamhspleách an Iarthuaiscirt i mBaile Uí Cheallaigh, Contae Dhoire, an dá ospidéal is mó a mbíonn tarraingt orthu. “Leanfar leis an scéim reatha AE an mhí seo chugainn i ndiaidh don Bhreatain institiúidí an Aontais a fháil agus tá obair ar bun chun dlíthe nua a thabhairt isteach a chuirfidh scéim dá leithéid i bhfeidhm ina dhiaidh sin,” a dúirt urlabhraí de chuid an FSS.