Irish Independent - Seachtain

Ceisteanna

-

Achoimre

Is gearrscéal brónach é an gearrscéal ‘Calua’. Baineann an scéal le lao beag, Calua, agus míolta móra eile agus iad ag snámh ó Chaliforni­a go dtí an Mhuir Artach. Tá saol an-sona ag Calua lena mháthair, Brúnla, agus lena athair, Seantrumpa. Caitheann siad na laethanta ‘ag marú éisc’ agus ag snámh go domhain san fharraige. Agus iad ag taisteal go mall, téann siad in airde go barr na farraige agus feiceann siad solas geal mórthimpea­ll orthu. Tosaíonn Calua ag súgradh lena chara, Darradú. Bíonn siad ‘go léir breá sásta’ san áit nua seo, ag baint sult as comhluadar a chéile.

Ansin, tagann daoine i long mór agus buaileann harpún Seantrumpa. Faigheann sé bás ar an toirt. Déanann máthair Chalua, Brúnla, iarracht na laonna beaga a shábháil, agus téann siad go domhain isteach san fharraige arís. Cosnaíonn Brúnla iad, ach ní fada go mbíonn orthu dul in airde arís chun aer a fháil. Buaileann an harpún Brúnla a luaithe agus a bhaineann sí barr na farraige amach agus faigheann sí bás. Tagann eagla an domhain ar Chalua agus ar Dharradú, déanann siad iarracht éalú freisin, ach buaileann an harpún Darradú agus tá Calua fágtha ina aonar ar deireadh.

Bíonn sé an-deacair ar Chalua aer a fháil mar tá leac oighir gach áit ach ar deireadh, cuimhníonn sé ar na rónnta a chuireann a gcinn in airde trí pholl chun aer a fháil. Briseann Calua an leac oighir lena shrón agus líonann sé a scamhóga le haer. Tá Calua an-chliste cinnte, ach ar deireadh tá sé an-bhrónach agus ‘anuaigneac­h’ freisin, mar tá sé fágtha leis féin gan aon chairde ná teaghlach. Léiríonn an scéal seo go bhfuil míolta móra an domhain i mbaol uafásach ón gcine daonna

Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabh­ar

1. Cén saghas lao é Calua?

2. Cá bhfuil Calua ag dul lena theaghlach?

3. Ainmnigh tuismitheo­irí agus cara Chalua.

4. Cén saghas saoil atá ag Calua leis na míolta móra eile?

5. Céard a tharlaíonn do Sheantrump­a?

6. Cén fáth a dtosaíonn croí Chalua ag bualadh go tapa?

7. Céard a dhéanann Calua, a léiríonn go bhfuil sé cliste?

8. Conas a mhothaíonn Calua ag deireadh an scéil?

Anois, leis an duine in aice leat, déan plé ar na ceisteanna seo a leanas:

1. Ar thaitin an gearrscéal seo leat? Cén fáth?

2. Cén príomhchar­achtar ab fhearr leat?

3. Cad a mhothaigh tú tar éis duit an gearrscéal a léamh?

4. Cén teachtaire­acht (message) atá sa ghearrscéa­l seo?

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland