‘Colscaradh’ le Pádraig Mac Suibhne
Ar dtús, gabh go TG4Foghlaim. Féach ar an bhfíseán faoi Phádraig Mac Suibhne agus breac síos cúig fhíric faoi. Ansin, féach ar an bhfíseán de Phádraig Mac Suibhne ag léamh an dáin agus déan cur síos ar do chuid mothúchán, i ndiaidh duit féachaint air.
‘Tá codarsnacht shoiléir, ghéar agus ghlan idir an saghas saoil a theastaíonn ón bhfear céile agus an saghas saoil a theastaíonn ón mbean chéile sa dán ‘Colscaradh’.’ Do thuairim uait faoi sin.
Níl aon amhras faoi ach go bhfuil codarsnacht shoiléir, ghéar agus ghlan le feiceáil sa dán ‘Colscaradh’. Is idir an fear céile agus an bhean chéile atá an chodarsnacht ghéar seo. Teastaíonn rudaí éagsúla sa phósadh, agus sa saol, ón mbeirt leannán seo. Tá bearna mhór eatarthu ó thaobh mianta de. Ar deireadh thiar, tar éis cur agus cúiteamh, níl siad in ann teacht ar shocrú a shásaíonn an bheirt acu agus a choinníonn le chéile iad. Dá bhrí sin ‘Scaradar’. An t-aon réiteach atá ann, feictear dóibh, ná scaradh ó chéile. Tá mianta na beirte i gcodarsnacht ghlan le chéile agus tá an bhearna atá eatarthu dosháraithe. Féachaimis ar dtús ar mhianta an fhir chéile sa dán go bhfeicfimid na rudaí a theastaíonn uaidh sa phósadh agus sa saol i gcoitinne.
Fear traidisiúnta agus simplí atá san fhear céile sa dán. Tá dearcadh traidisiúnta agus seanaimseartha aige, d’fhéadfá a rá, ar an bpósadh. Cam teallaigh atá ann. Teastaíonn bean chéile uaidh a bheadh sásta maireachtáil ‘i nead a chine,’ nó gar dá theaghlach féin. Ní theastaíonn uaidh imeacht óna cheantar dúchais féin agus é pósta. Ar bhealach, b’fhéidir gur mhaith leis go leanfadh an saol ar aghaidh dó mórán mar a bhí sular phós sé. Ba mhaith leis go mbeadh grá agus só sa bhaile aige lena bhean chéile; ‘faoiseamh is gean ar leac a thine’. Anuas air sin teastaíonn páistí uaidh. Ba mhaith leis go mbeadh spraoi agus craic aige lena bhean chéile ‘i dtógáil chlainne’.
Tá tuiscint éagsúil ag an mbean chéile ar an bpósadh, áfach. Teastaíonn uaithi nithe eile a bhaint amach sa saol, taobh amuigh de réimse an teaghlaigh, murab ionann agus an fear céile. Tá sé seo le feiceáil go ríshoiléir ó thús véarsa a dó. Faraor, tá tuiscint na mná céile ag teacht salach go hiomlán ar thuiscint a fir chéile. Dearcadh níos comhaimseartha ar an bpósadh a thabharfaí ar dhearcadh na mná céile sa dán, b’fhéidir. Ba mhaith léi go mbeadh ‘taobh den bhríste’ aici sa phósadh seo, is é sin, go roinnfí an t-údarás sa phósadh go cothrom eatarthu. Baile a bhfuil grá ann a theastaíonn uaithi freisin. Seo í an t-aon áit sa dán nach bhfuil mianta na beirte i gcodarsnacht le chéile.