Dhá nuachtán do scoláirí bunscoile agus meánscoile!
Tá páirtithe polaitíochta na tíre ar tí an chéad toghchán mór ar na meáin shóisialta a throid, agus níos mó ná riamh á gcaitheamh ar líne, dar leis na saineolaithe.
Chuir an Taoiseach Leo Varadkar tús inné le feachtas an Olltoghcháin, agus an tír le vóta a chaitheamh an 8 Feabhra.
Caithfidh an 560 iarrthóir a mheastar a bheidh san iomaíocht do 158 suíochán Dháil Éireann níos mó ná mar a caitheadh riamh ar a bhfógraíocht ar na meáin shóisialta.
Ach léiríonn taighde ó raon comhlachtaí sa Bhreatain go bhféadfadh bileoga seanfhaiseanta a bheith chomh héifeachtach céanna leis an bhfógraíocht ar líne, agus shainaithin siad bealach nua chun dul i bhfeidhm ar an lucht vótála – comhráite grúpa.
Dúirt an comhlacht ‘Who Targets
Me’ as an Ríocht Aontaithe le Seachtain nach n-oibríonn buiséid ar líne ar ardáin oscailte i gcónaí.
“Anseo sa Ríocht Aontaithe
ildtoghchán na Nollag, chaith an Páirtí Coimeádach i bhfad níos lú ná Páirtí an Lucht Oibre ná na Daonlathaigh Liobrálacha ar fhógraí spriocdhírithe ar Facebook,” a dúirt urlabhraí thar ceann an chomhlachta.
“Bhí drochthoghchán ag na Daonlathaigh Liobrálacha d’ainneoin gur chaith siad níos mó ar Facebook ná na Caomhaigh.”
Chaith foireann Boris Johnson (ar dheis) airgead mór ar fhógraí meirge ar YouTube ionas go bhfeicfeadh gach duine a thug cuairt ar an suíomh sin sa Ríocht Aontaithe iad ar feadh cúpla lá.
“Níl a fhios againn cé mhéad a chosain sé sin ach ba chur chuige níos traidisiúnta é i leith feachtais, seachas fógraí an-spriocdhírithe ar leibhéal an toghcheantair mar a bhíonn ar Facebook,” a dúirt an comhlacht a dhéanann monatóireacht ar na meáin shóisialta.
Ach deir an comhlacht go bhféadfaí toghchán na hÉireann a bhuachan nó a chailleadh ar fhóram eile ar líne – comhráite grúpa.
“Bíonn daoine a bhféadfaí dul i gcion ar a meonta polaitíochta sna grúpaí sin go minic,” a dúirt an t-urlabhraí.
“D’fhéadfadh go mbeadh slua mór daoine ar ghrúpa áitiúil Facebook nó WhatsApp i mBaile Átha Cliath, nó Gaillimh, nó Corcaigh, nó baile réigiúnach ar bith. Sin an áit a dtarlaíonn an ghníomhaíocht is mó i ndáiríre agus an áit is mó a bhféadfadh iarrthóirí polaitiúla dul chun cinn a dhéanamh.
“Léirigh toghchán na Breataine gur tharla formhór den chur agus cúiteamh i gcomhráite grúpa agus táimid den tuairim go dtabharfaidh iarrthóirí in olltoghchán na hÉireann tús áite do na grúpaí sin.” Níl figiúirí ar fáil fós ó thoghchán na Nollag sa Ríocht Aontaithe, ach meastar go léireofar gur bhraith na páirtithe polaitíochta go mór fós ar bhileoga agus póstaeir thraidisiúnta, agus gur chaith siad suas le trí oiread an airgid orthu siúd agus a chaith ar fhógraíocht ar líne.