DWTS
Tá Dancing With the Stars faoi lán seoil faoin tráth seo. Tá Jennifer Zamparelli agus Nicky Byrne ar ais mar láithreoirí arís agus d’fhan na moltóirí céanna freisin. Is iad sin Julian Benson, Brian Redmond agus Lorraine Barry.
Ba í Mairéad Ronan a bhuaigh an clár anuraidh le John Nolan, a páirtí rince.
Tá 11 cheiliúrán ag glacadh páirte ann i mbliana. Tá Brian Dowling, Glenda Gilson, Lottie Ryan agus Michael Carruth i measc na gceiliúrán. Ach cé a bhuafaidh é?