Scrúdú Cainte na hArdteiste: Saol na hOibre
Is minic a phléitear todhchaí an dalta le linn an chomhrá sa scrúdú cainte. Is iondúil go gcuireann an scrúdaitheoir cúpla ceist ar an dalta faoin tslí bheatha ar mhaith leis/léi a bheith aige/aici agus ní mór freagraí maithe, cuimsitheacha a bheith ag an dalta ar na cineálacha sin ceisteanna. San eagrán seo tabharfaimid aghaidh ar shaol na hoibre.
Ar dtús, sula bhféachfaidh tú ar na míreanna físeáin, tá sé tábhachtach go mbeadh an stór focal thíos agat. Is focail iad seo a bhaineann le saol na hoibre. Anois, ag obair leis an duine in aice leat, aimsígí an t-aistriúchán ar na deich bhfocal seo a leanas. Téigí go Focloir.ie nó go Tearma.ie chun na focail a aimsiú.
Anois tá sé in am dreas cainte a bheith agat leis an duine in aice leat agus sibh ag tabhairt faoi na ceisteanna seo a leanas:
1. Cén ghairm bheatha ar mhaith leat sa todhchaí?
2. Cén fáth ar suim leat an saghas sin oibre?
3. An raibh suim agat sa ghairm bheatha sin ó bhí tú óg, nó an bhfuil tú tar éis suim a chur inti le déanaí?
4. An bhfuair tú blaiseadh den ghairm bheatha sin nuair a bhí tú ar thaithí oibre san idirbhliain?
5. An bhfuil aon ghairm bheatha eile ann a mbeadh suim agat inti?
Anois agus na ceisteanna sin pléite agaibh tugaimis aghaidh ar TG4Foghlaim.
Ar Leathanach na gCeachtanna agus ar Saol na hOibre atá ár dtriall. Seo a leanas an nasc: https://www.tg4.ie/ga/foghlaim/ceachtanna/saol-nahoibre/
Féachaigí ar Mhír a hAon agus déanaigí bhur ndícheall na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt. Faoi shaol oibre bheirt fhear, Tomás Mac Donnacha agus Maidhcí Ó Flatharta, ar comhraiceoirí dóiteáin (fire fighters) iad, atá na ceisteanna.
1.
2.
3.
4.
5.
6.
7.
Bogaimis ar aghaidh anois go Mír a Dó. Freagair anois na ceisteanna seo a leanas faoi Sheán Ó Domhnaill agus faoi na comhraiceoirí dóiteáin eile.
1.
2.
3.
4.
5.
6.
7.
8.
9.
10.
Cad as do Sheán Ó Domhnaill?
Cén saghas poist atá ag Seán?
An post páirtaimseartha é?
An dtaitníonn an post leis?
Cad a deir sé faoin traenáil atá ar siúl aige?
Cá bhfuil an traenáil ar siúl?
Cad a dhéanann na múinteoirí, agus an traenáil sin ar bun ag na comhraiceoirí dóiteáin?
Nuair a théann na comhraiceoirí dóiteáin isteach atá trí thine, cad a fheiceann siad?
An mbíodh eagla orthu ar dtús?
Cad é an rud ba mhó a chuir ionadh ar na fir faoin traenáil?
Ar aghaidh linn anois go a leanas.
1.
2.
3.
4.
5.
6.
7.
Cá fhad atá Tomás Mac Donnacha ag cur faoi ar an gCeathrú Rua?
Cén fáth ar chuir sé suim san obair ar dtús?
Cén fáth a gceapann Tomás gur maith an rud é go dtéann na comhraiceoirí dóiteáin amach le chéile?
Cad as do Maidhcí Ó Flatharta?
Cén teocht atá san fhoirgneamh BA?
Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach an t-éadach a chaitheamh, dar le Maidhcí?
Cén fáth a bhfuil an traenáil chomh tábhachtach sin?
Mír a Trí. i dteach
Freagair na ceisteanna seo
Ar thaitin an traenáil leis an gcéad fhear?
Cé mhéad seachtain a mhair an traenáil?
An raibh sé sásta ag deireadh na traenála?
Cén maitheas a rinne an traenáil dóibh mar ghrúpa, dar leis an dara duine atá ag caint?
Cá bhfuil an ghrúdlann (brewery) suite?
Cad ba mhaith leis an mbuachaill óg a dhéanamh nuair a bheidh sé ina fhear fásta?
Cad a thaitníonn leis an mbuachaill óg faoin obair sin?