Scrúdú Cainte na hArdteiste: Saol na hOibre
Scrúdaitheoir (S): Anois, a Dheirdre, cén ghairm bheatha ar mhaith leat a bheith agat amach anseo?
Deirdre (D): Bhuel, nílim go hiomlán cinnte go fóill ach ceapaim gur mhaith liom a bheith i m’eolaí amach anseo. Tá an-spéis go deo agam sa cheimic agus san fhisic ar scoil. Go deimhin, is iad sin an dá ábhar is fearr liom. Má éiríonn liom dul go dtí an ollscoil agus céim a bhaint amach san eolaíocht agus b’fhéidir máistreacht i ndiaidh na céime, ceapaim go mbeidh go leor deiseanna fostaíochta ansin agam. D’fhéadfainn post a fháil thar lear chomh maith, leis an gcéim eolaíochta, mura dtiocfaidh mé ar phost anseo in Éirinn. Sin a deir mo thuismitheoirí ar aon nós!
(S): Tá an ceart ar fad agat, bheadh an-chuid deiseanna fostaíochta agat leis an gcéim sin in Éirinn agus thar sáile. Inis dom, cathain a chuir tú spéis san eolaíocht ar dtús?
(D): Sa chéad bhliain sa mheánscoil, déarfainn. Is cuimhin liom go ndearnamar beagán staidéir ar an eolaíocht ar an mbunscoil ach níor chuir mé spéis ann, i ndáiríre, go dtí gur tháinig mé chun na scoile seo sé bliana ó shin. Bhí múinteoir eolaíochta den chéad scoth agam don Teastas Sóisearach agus thaitin a cuid ranganna go mór liom. Ise a mhúscail an spéis sin san eolaíocht ionam an cheád lá, le bheith fírinneach leat.
(S): Nach deas an scéal é sin. Ar chaith tú tamall ag obair leis na heolaíochtaí agus tú ar thaithí oibre san idirbhliain?
(D): Chaith. Bhí an t-ádh dearg orm, i ndáiríre. Tá aintín liom ina heolaí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus d’éirigh léi áit a fháil dom i saotharlann na hollscoile. Tá an tsaotharlann mar chuid d’fhoirgneamh na hEolaíochta ar an gcampas. Chaith me coicís inti. Bhí sé thar cionn ar fad, thaitin sé go mór liom. Bhí mé ag obair le heolaithe cearta ansin. Bhí mé ag cabhrú leo i mórán slite. Chabhraigh mé leo nótaí a bhreacadh síos agus tionscnaimh éasgsúla ar bun acu. D’iarr siad orm na miasa Petri a ní anois is arís agus rinne mé é sin go fonnmhar. Bhí orm culaith bhán agus spéaclaí speisialta saotharlainne a chaitheamh. Bhí an taithí oibre sin an-spreagúil ar fad.
(S):
Cén áit ar mhaith leat staidéar a dhéanamh ar an eolaíocht tar éis na hArdteiste?
Bhuel, ba mhaith liom fanacht anseo i gcathair Chorcaí, mar sin ba bhreá liom dá bhfaighinn áit ar an gcúrsa eolaíochta i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Tá aithne agam ar bheirt atá i mbun an chúrsa faoi láthair agus taitníonn sé go mór leo. Bhí 450 pointe ag teastáil chun áit a fháil ar an gcúrsa an bhliain seo caite. Is í an aidhm atá agam ná os cionn 480 pointe a fháil. Tá súil agam go n-éireoidh liom na pointí cuí a aimsiú.
(S): Má leanann tú ort ag obair go dian idir seo agus deireadh na bliana, táim cinnte go n-éireoidh leat do chuid spriocanna a bhaint amach. Bogaimis ar aghaidh anois, a Dheirdre, go hábhar cainte eile, mura miste leat.
Gluais:
i ndiaidh na céime = nuair atá an chéim críochnaithe deiseanna fostaíochta = seansanna post a fháil den chéad scoth = of the best quality
Ise a mhúscail = í siúd a spreag le bheith fírinneach leat = leis an bhfírinne a insint ar thaithí oibre san idirbhliain = on work experience in transition year
saotharlann na hollscoile = the university laboratory
na miasa Petri = the Petri dishes
go fonnmhar = go toilteanach, sásta an-spreagúil = exciting
dá bhfaighinn áit = if I got a place
na pointí cuí = na pointí is gá mura miste leat = if you don’t mind
Shane Ó Ruairc Is múinteoir Gaeilge agus staire é Shane i Meánscoil Chnoc Ainbhil, Baile Átha Cliath. Tá céim BA, MA sa Ghaeilge agus MA sa stair bainte amach aige ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, chomh maith le hArd-Dioplóma san Oideachas ó Choláiste na Tríonóide. Tá tréimhsí caite aige ag múineadh na Gaeilge i gCeanada agus i Meiriceá.
Eagarthóireacht: Deirdre Ní Chaomhánaigh Deartha ag: INM Studio
Scríobh chugainn: schoolorders@independent.ie
Cúram Custaiméirí: 023 886 3968
Más mian leat sonraí d’ordaithe do ‘Réidh le Plé!’ a athrú, seol ríomhphost, le do thoil, chuig schoolorders@independent.ie