BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE
An féidir le Liverpool an séasúr ar fad a imirt gan oiread is cluiche amháin a chailliúint?
Tar éis a mbua 1-0 in aghaidh Tottenham ag an deireadh seachtaine, tá 20 cluiche as 21 buaite ag foireann Jürgen Klopp agus tá 61 pointe acu.
Is beag amhras atá ar éinne anois ach go mbuafaidh Dearga cois Mersey fiú is go bhfuil cuma na maitheasa arís ar fhoireann Pep Guardiola ag Manchain a bhuaigh a gcluiche in aghaidh Aston Villa, 6-1. Fuair Sergio Aguero trí chúl sa chluiche sin, rud ar cheart aon fhoireann atá ag teacht i dtreo City a chur ag crith!
Cuirfear teist nach beag roimh Liverpool ag an deireadh seachtaine nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Manchester United Dé Domhnaigh.
Tá blas ‘thuas seal, thíos seal’ ar shéasúr na nDiabhal Dearg faoi láthair ach bhuaigh siad go héasca in éadan Norwich. Beidh le feiceáil an bhfuil foireann Ole Gunnar Solksjar ábalta sásamh éigin a bhaint as an séasúr seo i ndeireadh na dála. Chabhródh bua in éadan Liverpool leo sin a dhéanamh ar a laghad!