Sárlaoch phobal na Gaeltachta imithe uainn
Sárlaoch ab ea Joe Steve Ó Neachtain go deireadh. Fuair an t-údar, file, drámadóir agus gníomhaí Gaeltachta bás Dé Domhnaigh tar éis tréimhse tinnis agus é 78 mbliana d’aois.
Is iomaí leabhar a scríobh Ó Neachtain agus is iomaí dráma a tháinig óna pheann ach b’aisteoir cruthanta é freisin mar a léirigh sé i bpáirt Pheadair Uí Chonghaile ar an sobaldráma
i measc róil eile. Beidh cuimhne air freisin as ucht a róil cheannasaigh i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, gluaiseacht a raibh bunú an Údaráis, RTÉ RnaG agus TG4 mar thorthaí díreacha nó neamhdhíreacha uirthi.
Ba as an gCré Dhubh ar an Spidéal do Joe Steve agus ba ansin a lonnaigh sé a leabhar deireannach,
Fuair an leabhar ainmniúchán do Leabhar na Bliana ag Gradaim an Oireachtais agus Gradaim an IBA.
PIC: SEÁN Ó MAINNÍN