‘B’fhearr leis an bpobal caiteachas poiblí ná ciorruithe cánacha’ – FF
Léiríonn pobalbhreitheanna príobháideacha a rinne Fianna Fáil go bhfuil an pobal ar tí an ghnáthnósmhaireacht aimsir na dtoghchán a chaitheamh in aer trí thacú le níos mó caiteachas poiblí in áit ciorruithe cánacha.
Agus is cosúil go bhfuil an pobal tar éis ról Fhianna Fáil sa ghéarchéim is deireanaí a mhaitheamh dóibh ar deireadh, agus formhór na ndaoine ag rá gur chreid siad go bhféadfadh Fianna Fáil na hathruithe a theastaíonn a dhéanamh chun dul i ngleic leis na scannail tithíochta agus sláinte atá le brath ar fud na tíre le blianta beaga anuas.
Tá Fianna Fáil ag díriú an tseachtain seo ar an ngá atá le níos mó airgid sa chóras sláinte agus le hathchóirithe nua.
Tá páirtí Mhichíl Martin ag gealladh níos mó airgid chun tithe a thógáil freisin, toisc go bhfuil fearg ar an lucht vótála meánaicmeach sna 50idí agus 60idí nach féidir lena bpáistí fásta áit chónaithe a cheannach d’ainneoin na rátaí úis is ísle riamh.
Ach léiríonn príomhthorthaí na pobalbhreithe go mb’fhearr le dhá thrian den lucht vótála go gcaithfí níos mó ar sheirbhísí poiblí seachas go gciorrófaí cánacha, a dheimhnigh foinsí do Seachtain.
Tá Fine Gael i scaoll ón deireadh seachtaine i ndiaidh do phobalbhreith amháin iad a léiriú ar 20%, 12 phointe taobh thiar d’Fhianna Fáil agus díreach chun cinn ar Shinn Féin.
Bhí conspóid an RIC ar bun nuair