Snas á chur ar ullmhúchán na Gaillimhe dá caithréim chultúrtha le linn na bliana 2020
B’fhada agus b’achrannach ag teacht é ach níl ach cúpla seachtain fágtha anois go dtí go gcuirfear tús spleodrach le Gaillimh 2020, an bhliain a mbeidh Cathair na dTreabh ag croílár chultúr na hEorpa.
Tús an earraigh sa bhliain Cheilteach, Imbolc, atá roghnaithe mar thús na hollfhéile cultúrtha seo. Beidh an mhór-ócáid oscailte ar siúl i nGaillimh ar an 8 Feabhra agus is é Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn a bheidh i mbun na hoscailte.
Cúpla lá roimhe sin a chuirfear tús oifigiúil leis an mbliain chultúir sa Ghaeltacht nuair a bheidh ócáid ar leith sa Spidéal ar an 3 Feabhra.
Is iomaí buaicphointe a bheidh ar ardán nó i ndánlann nó ar na sráideanna nó in iliomad ionad eile le linn na bliana - tá rogha againn anseo de bhuaicphointí éagsúla. Beidh breis tuairiscí ag Seachtain ar an bhféile le linn na bliana agus tá a thuilleadh eolais ar an suíomh galway2020.ie. Bí ar an eolas!
SPLICED
Léiriú é seo a thabharfaidh léargas ar an dearcadh atá ag fear a bhfuil níos mó ná fiche bliain caite aige ag imirt cluichí Gaelacha: Arbh fhiú é?