SCÉAL NA SEACHTAINE
Tá freasúra níos deacra ag gach imreoir a bheidh páirteach i gCraobhchomórtas Oscailte Leadóige na hAstráile a thosaigh an tseachtain seo in Melbourne.
Is é sin caighdeán an aeir atá truaillithe go dona ag na tinte atá ag loisceadh limistéar ollmhór sa tír faoi láthair.
In ainneoin na ndeacrachtaí sin tá súil le sárchomórtas in Victoria agus na réaltaí móra go léir sa reicneáil.
Tá Caroline Wozniacki (ar dheis) ag súil go mbeidh sí ábalta greim a fháil arís ar an gcraobh a bhuaigh sí in 2018 ach beidh dúshlán le sárú aici nó tá Serena Williams ar ais agus í ag súil curiarracht Margaret Court a shárú. Bhuaigh Court 24 sárchomórtas leadóige le linn a réime - tá 20 craobh buaite anois ag Serena.
I gcomórtas na bhfear beidh Rafael Nadal, Novak Djokovic, Daniil Medvedev agus Roger Federer i measc rogha na n-údar chun an chraobh a bhuachaint.
Pé rud faoin gcomórtas ar na cúirteanna leadóige, beidh lucht eagraithe an chomórtais ag súil go dtiocfaidh na himreoirí slán gan aon bhaol dá sláinte.
Níor mhaith leo go gcríochnódh ceann de mhórimeachtaí spóirt na bliana sna cúirteanna dlí!