Éabhlóid na Gaeilge á léiriú i Sruth na Teanga
Is iomaí seoid chultúrtha atá chugainn le linn Ghaillimh 2020 agus tá snas á chur ar cheann amháin acu faoi láthair ag an gcomhlacht amharclannaíochta Branar, comhlacht a dhíríonn a chuid saothair ar pháistí den chuid is mó.
Sin ráite tá lucht léirithe ‘Sruth na
Teanga’ ag maíomh go mbainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an léiriú nua seo a bheidh le feiceáil i nGaillimh ag tús mhí an Mhárta.
Ní i ngnáth-amharclann a léireofar an seó ach i sean-Chríochfort Aerfort na Gaillimhe atá á chur in oiriúint faoi láthair don chéad léiriú ar an 2 Márta.
“Mar chuid de chlár Ghaillimh 2020, tabharfaidh an compántas an lucht féachana ar thuras eipiciúil trí na tréimhsí fíorthábhachtacha i stair na Gaeilge,” a dúirt urlabhraí de chuid Ghaillimh 2020.