Irish Independent - Seachtain

Eolaithe buartha faoi fhás ailléirge in Éirinn

-

Tá ardú ollmhór tagtha ar líon na ndaoine in Éirinn atá ag fulaingt de bharr ailléirge le fiche bliain anuas, de réir taighde nua atá déanta ag saineolait­he.

Scór blianta ó shin ní raibh ach 1% den daonra ag tabhairt le fios go raibh ailléirge orthu ach anois deir 24% den daonra, nó duine as gach ceathrar nach mór, go bhfuil siad ag fulaingt de bharr ailléirge amháin nó níos mó.

Is éard is alleirge ann ná freagra do chórais imdhíonach­ta ar shubstaint nach mbeifeá ag súil leis go ndéanfadh sé dochar do do chorp.

I gclár nua faisnéise atá le craoladh mar chuid den tsraith Tabú ar TG4 anocht, déantar na húdair leis an bhfás seo a chíoradh go mion le hagallaimh le daoine atá ag fulaingt de bharr go bhfuil ailléirge orthu do chnónna, d’ainmhithe, do phailin agus don iliomad rudaí eile. In ainneoin an fháis atá ag teacht ar líon na ndaoine atá ag fulaingt, níl ach beirt saindochtú­irí ag cur leigheas agus comhairle ar fáil don tír ar fad. Beidh duine acu, an tOllamh Jonathan Hourihane faoi agallamh ar Tabú anocht – in éineacht le Róisín Grufferty agus a hiníon, Róisín (ar dheis).

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland