Lá Fhéile Bríde
Tá an chéad lá de mhí Feabhra nach mór buailte linn. Ciallaíonn sé sin freisin go bhfuil an tEarrach ag teacht. Tá bachlóga ag eascairt agus tá cróch agus plúiríní sneachta le feiceáil. Ní fada anois go mbeidh lusanna an chromchinn go flúirseach i bpáirceanna agus i ngairdíní ar fud na tíre. Tá na laethanta ag dul i bhfad agus beidh an t-am ag athrú i gceann cúpla seachtain eile. Tá na héin ag ullmhú agus ní fada go mbeidh siad ar gor. Ar chuala tú an rann seo thall riamh? Ceiliúrtar Lá Fhéile Bríde ar an gcéad lá den Earrach freisin. Ba iad na págánaigh a cheiliúir an chéad lá de mhí Feabhra ar dtús agus lean an nós sin ar aghaidh go dtí ré na Críostaíochta. Tá nósanna agus piseogacht ag baint le Lá Fhéile Bríde ar fud na tíre. Bhain nós amháin le hOíche Fhéile Bríde. Seo mar a bhí i gContae Dhoire. Fadó, nuair a bhí sé idir lá agus oíche chuir daoine pota mór prátaí ag beiriú agus chuir siad ualach feagacha ag leac an dorais. Nuair a bhí sé dorcha agus in am na prátaí a bhrú chuaigh fear an tí amach go dtí leac an dorais agus dúirt sé: “Gabhaigí ar bhur nglúine, osclaígí bhur súile, agus ligigí isteach Bríd Bheannaithe.” Agus dúirt gach duine a bhí laistigh, “’Sé Beatha na mná uaisle.” Dúirt fear an tí an méid seo trí huaire i ndiaidh a chéile agus d’fhreagair líon an tí leis an bhfreagra céanna. Ó lá le Bríde amach
Bíonn na héin ag déanamh nead, Bíonn na caoire ag breith na n-uan is an lá ag dul i bhfad.