COIMEÁD SÚIL AR
Ciara Mageean
Bliain Oilimpeach é 2020 agus is cinnte go bhfuil tús maith curtha ag Ciara Mageean lena cuid oibre don bhliain seo nuair a sháraigh sí curiarracht na hÉireann agus í ag rith i rás 1500m laistigh i mBostún ag an deireadh seachtaine.
Ba bheag nár bhain sí ceathrú soicind dá curiarracht féin ón mbliain seo caite agus í ag críochnú sa tríú háit i rás Grand Prix an domhain ar an Satharn.
Is fada uainn Tóiceo go fóill ach tá reathaí an Dúin ag tabhairt gach leide nach mbeidh sí as an reicneáil agus í ag tabhairt aghaidh ar an ollchomórtas sa tSeapáin le linn an tsamhraidh seo chugainn.