Irish Independent - Seachtain

An lasair ar an mbealach go Cathair na dTreabh

-

Cuirfear tús lasrach le Bliain Chultúir Ghaillimh 2020 Dé Sathairn beag seo i gCathair na dTreabh - agus tá an lasair a lasfaidh an splanc ealaíne ar an mbealach!

Chuir an lasair tús lena turas ar an gClochán Dé Domhnaigh agus bhí sí ar an Spidéal oíche Dé Luain (féach ar chlé) agus faoin am a mbeidh sé seo léite agat beidh sí gafa go Tuaim agus ar aghaidh i dtreo na Gaillimhe.

Fuair banna óg Gaeltachta ó Chonamara, Dris Óg, deis a gceol ar leith a roinnt leis an slua ollmhór a bhailigh ar shráideann­a an tsráidbhai­le bhig Gaeltachta, agus léigh Síle Nic Conaonaigh dán as Gaeilge.

Mar chuid den searmanas, lasadh sféar cruach a dearadh go speisialta chun scéalta agus traidisiúi­n an bhaile a léiriú go healaíonta.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland