Bréan den olltoghchán? Téigh i dtaithí air – tá níos mó le teacht! D’fhéadfadh an tír a bheith ag vótáil arís mí Aibreáin agus Dáil gan tromlach ar na bacáin
Bréan den olltoghchán?
Tá sé chomh maith agat dul i dtaithí air – agus na príomhpháirtithe polaitiúla ag glacadh leis go mbeidh Dáil gan tromlach againn.
Tá na pobalbhreitheanna is deireanaí ag léiriú go bhfuil Fianna Fáil, Sinn Féin agus Fine Gael laistigh de 3% dá chéile, agus dúirt oifigigh shinsearacha sna trí pháirtí le Seachtain go bhféadfadh go mbeadh orainn ar fad vóta a chaitheamh arís i mí Aibreáin nó Bealtaine.
Tá an Taoiseach Leo Varadkar agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin
tar éis a rá nach ngabhfaidh siad i gcomhrialtas le páirtí Mary Lou McDonald.
Agus ní chreideann aon duine go mbeidh a ndóthain Teachtaí ag na neamhspleáigh agus páirtithe na heite clé chun comhrialtas a bhunú – go háirithe toisc go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre ag diúltú comhaontú a dhéanamh le Sinn Féin.
Dá dtarlódh sé sin, bheadh an Taoiseach agus a Chomh-Aireacht i mbun rialtas sealadach ar feadh dhá nó trí mhí sula mbeadh ar gach duine tabhairt faoi arís.
“Is cosúil go bhfuil méadú ar thacaíocht Shinn Féin i ndáiríre agus go mairfidh sé. Ba é an t-aon bhotún a rinne siad de réir dealraimh gan níos mó iarrthóirí a bheith acu ach d’fhéadfaidís 38 suíochán a fháil,” a d’admhaigh comhairleoir sinsearach Rialtais amháin.
“Tá muid féin agus Fianna Fáil ag súil le breis agus leathchéad suíochán a fháil, ach níl seans ann go mbeidh rialtas móraimh ann agus níl spás ann fiú do chomhaontú ‘muiníne agus soláthair’.”
D’admhaigh oifigeach sinsearach de chuid fhoireann
Borradh: Mary Lou McDonald agus Sinn Féin
Fhianna Fáil go bhféadfadh go mbeadh ar an tír tabhairt faoin dara holltoghchán – agus an tríú ceann fiú – in 2020.
“Tá sé deacair a fheiceáil cén chaoi a bhféadfaí rialtas ar bith a bhunú más fíor a bhfuil sna pobalbhreitheanna reatha,” a dúirt sí.
Níl ach cúpla lá fanta go dtí an toghchán féin, agus tá imní ar Fhine Gael agus Fianna Fáil go bhfuil siad ag cailleadh vótaí ó pholaitíocht an láir le Sinn Féin.
Ach mhaígh ceannaire an pháirtí Mary Lou McDonald aréir go dteastaíonn ‘fíorathrú’ ón bpobal.
“Bhí 100 bliain ag Fianna Fáil agus Fine Gael ag rith na tíre seo agus tá muinín againn go ndéarfaidh an pobal leo Dé Sathairn go bhfuil siad bréan díobh,” a dúirt sí.