Roc, pop, rinceoirí agus siamsa ag craobhacha Scléip
Shroich amhránaithe rac-cheoil agus popcheoil, ceoltóirí agus rinceoirí ó mheánscoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí ar fud na hÉireann buaic nua dá dtallann ag babhta craoibhe chomórtais
Chuir damhsóirí ó Choláiste na Coiribe, Gaillimh; Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill; Gaelcholáiste Cheatharlach; Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh agus Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna tús an-chumhachtach leis an lá. Is léir freisin ón ardchaighdeán sa chomórtas amhránaíochta i stíl phopcheoil nó raccheoil go mbeidh go leor oirfideach le cúlra Gaeloideachais ag teacht chun cinn sna cairteacha amach anseo.
Dar le Gael Linn, a eagraíonn an comórtas, tá an caighdeán agus an líon iomaitheoirí ag treisiú.