FOCLÓIRÍN
DROCHSHEACHTAIN: PAISINÉIRÍ AEROFLOT SU2590 I MBÁC
Samhlaigh go bhfuil tú ar eitilt, tuirlingíonn tú chun talún ag do ceann cúrsa agus ansin tugtar nóta duit ón FSS a deir: “D’fhéadfadh go raibh coróinvíreas ar an eitilt, seo an rud ba chóir duit a dhéanamh.”
Sé sin go díreach a tharla ar eitilt Aeroflot a tháinig i dtír in Aerfort Bhaile Átha Cliath ón Rúis. Bhí paisinéir Síneach ar bord a thaistil ón tSín ar dtús ach trí Mhoscó sular shroich sé Baile Átha Cliath.
Tháinig pictiúir chun cinn ar líne inar léiríodh daoine i gcótaí saotharlainne ag siúl i bpasáistí an eitleáin cosúil le radharc ó scannán ficsean eolaíochta diostóipeach. Cé gur tharla sé seo go léir, agus nach ndéanann siad trácht ar chásanna aonair, dheimhnigh an FSS: “Níl aon cás den ghalar cinntithe in Éirinn go fóill.”
Is breá liom rabhadh aimsire nó stailc chun am saor a bhaint amach, ach stopaim ag eipidéim mharfach dhomhanda. leamh: dull
áiféis: nonsense
ficsean eolaíochta: science fiction