COIMEÁD SÚIL AR
Ár gClub ar TG4
Sraith nua spóirt é Ár gClub ina mbeidh béim á leagan ar chlubanna CLG fud fad na tíre agus iad ag ullmhú is ag imirt i gcraobhacha éagsúla.
Beidh sé ar siúl gach Máirt ar TG4 agus i measc na bhfoirne a bheidh páirteach tá Laochra Loch Lao agus Naomh Anna i Leitir Móir, foirne ó Bhéal Feirste agus Conamara faoi seach.
Tá foireann ó Loch Garman páirteach freisin agus cúigear deirfiúracha ag imirt ar an bhfoireann. Caithfidh deirfiúr amháin cinneadh a dhéanamh an bhfillfidh sí ar an aicsean tar éis bhreith a dara páiste. Bígí ag faire amach don tsraith seo - is mór an spórt é.