Is cinnte go bhfaca Jürgen Klopp an scannán ‘Moneyball’
Sa scannán Moneyball, is é Brad Pitt a ghlacann ról Billy Beane, bainisteoir ar fhoireann daorchluiche atá ag imirt faoina mbuille i Meiriceá. Faigheann sé comhairle ó charachtar Jonah Hill, Peter Brand, imreoirí a earcú de réir foirmle mata ina gcuirtear luach an imreora agus a chuid staitisticí san áireamh.
Agus go tobann ní féidir na Oaklands a chloí, cé nach bhfuil imreoirí mór le rá ná costasacha ag imirt ar an bhfoireann.
Is cosúil go bhfaca Jürgen Klopp an scannán agus go bhfuil na ceachtanna ann á gcur i bhfeidhm aige.
Ceacht é sin, b’fhéidir, do Ole Gunnar Solksjaer, a chaith breis is €55m ar Bruno Fernandes an tseachtain seo caite. Bhí comhscór 0-0 ag Bruno ina chéad chluiche in éadan Wolves.