An milleán á chur ar Paschal as tubaiste FG
TD: ‘Tá daoine ag streachailt leis an saol. Bhí sé de cheart againn faoiseamh a thabhairt dóibh.’
Tá iaranailís Fhine Gael faoi lán seoil agus tá a dTeachtaí Dála a atoghadh agus iad siúd nár atoghadh ar aon fhocal – tá an locht ar Paschal Donohoe.
Deirtear gur mar gheall ar chinneadh an Aire Airgeadais gan cáinaisnéis ‘féiríní’ a fhógairt mí Dheireadh Fómhair seo caite gur thit an Rialtas as a chéile.
Fiú chaill an tAire Gaeltachta agus an Príomh-Aoire Seán Kyne a shuíochán.
Agus is léir go bhfuil an milleán á chur ar ‘chríonnacht’ Donohoe ó thaobh airgid de.
“Ba thubaiste amach is amach é,” a dúirt Teachta amháin de chuid Fhine Gael a atoghadh.
“Cuireadh sin in iúl dúinn ar leac gach dorais beagnach i rith an fheachtais. Dúradh linn go rabhamar gortach. Bhí frustrachas an domhain orainn. Tá daoine ag streachailt leis an saol agus níor thugamar faoiseamh ar bith don lucht oibre. Bhí sé de cheart againn faoiseamh a thabhairt dóibh.”
Ní fhaca an t-iar-Aire Kyne aon vótaí breise d’ainneoin airgead a chaitheamh ar fud Ghaeltacht Chonamara. Deir cairde leis go bhfuil an-díomá go deo air agus go gceapann seisean freisin gurb é Donohoe is cúis leis mar gur dhiúltaigh sé an sparán a oscailt.
“Ba é an toghchán ba mheasa dúinne é ó 1948,” a dúirt foinse shinsearach amháin i gceanncheathrú Fhine Gael.
LOCHT
“Chloígh Leo le teachtaireacht an Bhreatimeachta freisin, agus Simon Coveney á spreagadh sin. Tá locht ar an mbeirt acu siúd as seo.”
Bhí Fianna Fáil, Sinn Féin agus Fine Gael ar mhórán an lín chéanna suíochán aréir; agus táthar ag éileamh ar Shinn Féin iarracht a dhéanamh Rialtas a bhunú, mar a dúirt Mary Lou McDonald:
“Comhrialtas na heite clé.” Ach tháinig laghdú suntasach ar vótaí Fhianna Fáil freisin atá ag cur brú ar Mhicheál Martin.
Tá deighilt sa pháirtí maidir le hoibriú le Sinn Féin agus tá Éamon Ó Cuív ag tuar go dtairgfidh a pháirtí dul isteach i gcomhrialtas le páirtí McDonald ar deireadh.
Deir tráchtairí polaitíochta go bhféadfaí bata is bóthair a thabhairt do Mhicheál Martin as seo go ceann cúpla seachtain.
Tá Thomas Byrne FF ag diúltú an Teachta as Corcaigh a cháineadh, ag rá ina áit sin: “Níl móramh againn féin ná ag Fine Gael; tá an móramh ag Sinn Féin agus na páirtithe eile ar fad. Mar sin is faoi Shinn Féin é Rialtas a bhunú.
“Feicfimid céard a ach fágfaimid Mary Lou é anois.” tharlaíonn; faoi