Amhail le liombó an saol i soláthar díreach
Cé go bhfágann teifigh saol ina bhfuil siad faoi bhagairt agus i gcontúirt, is saol lán le héiginnteacht agus dainséar atá rompu nuair a thagann siad go hÉirinn.
Isé an fáth leis sin an córas soláthar díreach a ceapadh in 2000 mar ‘réiteach sealadach’ le déileál le líon na n-iarrthóirí tearmainn a bhí ag dul i dtreis.
Scór blianta níos déanaí agus tá 7,000 ag maireachtáil sa chóras sin, dhá mhíle páiste ina measc. Faigheann daoine fásta lóistín agus liúntas seachtainiúil €38.80 agus faigheann daoine óga liúntas €29.80 gach seachtain.
Ar Tabú Céad Míle Fáilte a chraolfar anocht (Dé Céadaoin) ar TG4, déanfaidh siad cur síos ar an saol a chuireann siad i gcomparáid le príosún.