San Vailintín na Róimhe
Gach bliain ar an 14 Feabhra bíonn féile mhór againn. Déanaimid an grá lánúine a cheiliúradh. Léiríonn lánúineacha a ngrá dá chéile in athuair. Crochtar croíthe ar fud na háite. Bíonn dearg le feiceáil sna siopaí agus ar na sráideanna. Ceannaítear mórán seacláidí, cartaí agus bláthanna. Cuirtear boird in áirithe i mbialanna agus téann lánúineacha go hóstáin nó go lóistín leaba is bricfeasta le haghaidh briseadh dhá nó trí lá. Is deas an fhéile í agus cúis an cheiliúrtha. Tugann sí lánúineacha níos gaire dá chéile agus ar ndóigh, is mór ag gnónna seacláide, cartaí is araile an fhéile. Tá an t-uafás airgid le déanamh aisti. Níl aon dabht faoi ach go bhfuil Lá Fhéile Vailintín á thiomáint cuid mhór ag cúrsaí tráchtála le tamall de bhlianta anuas. An méid sin ráite baineann an-chuid lánúineacha ar fud an domhain mhóir taitneamh aisti agus mar sin is maith ann í.
Nuair a dhéanaimid an fhéile seo a cheiliúradh gach bliain an gcuimhnímid ar fhoinsí na féile? Cad as ar tháinig Lá Fhéile Vailintín? Cérbh é San Vailintín? Cén fáth a samhlaítear cúrsaí grá, agus grá lánúine go háirithe, leis? Nárbh fhiú cuimhneamh ar na nithe seo ar fad? Cíoraimis mar sin na ceisteanna suimiúla seo.
Naomh Iodálach, nó Rómhánach i ndáiríre, ón tríú haois a bhí i Vailintín. Sagart agus Easpag de chuid na hEaglaise Caitlicí a bhí ann. Le linn a shaoil, chabhraigh sé le Críostaithe na Róimhe a bhí faoi léigear ag údaráis Impireacht na Róimhe. Thugadh Vailintín aire do na Críostaithe. Léadh sé Aifrinn dóibh. Bhaisteadh sé iad. Phósadh sé iad. I rith an tríú haois bhí géarleanúint á déanamh ag Impirí éagsúla na Róimhe ar Chríostaithe. Dhiúltaigh na Críostaithe glan déithe págánacha na Róimhe a adhradh. Dia éagsúil agus aon Dia amháin a d’adhair na Críostaithe agus mar sin féachadh orthu mar bhagairt. Bhí an pobal Críostaí seo difriúil, níor chloígh siad le nósanna comónta na sochaí, agus mar sin theastaigh ó Impirí éagsúla deireadh a chur le fás na gluaiseachta reiligiúnaí seo. Lean an ghéarleanúint seo isteach sa cheathrú haois go dtí gur chuir na hImpirí Constantine agus Licinius deireadh léi.
Tá mórán scéalta scríofa agus tagtha anuas chugainn ó bhéal faoi Vailintín agus, ar ndóigh, ní féidir a bheith go hiomlán cinnte faoi fhírinne na scéalta seo. An méid sin ráite áfach, tagann cúpla rud ar leith chun cinn ó na foinsí ar fad. Is cosúil go raibh an cháil amuigh ar Vailintín as a bheith ag déanamh bainiseacha Críostaí, agus go deimhin as a bheith ag scaipeadh na Críostaíochta i measc shaoránaigh na Róimhe. Coir a bhí ann ag an am a leithéid a dhéanamh ach thug Vailintín neamhaird air sin. Chabhraigh sé le fir éalú ón arm agus ón gcionscríobh a bhí i bhfeidhm ag an am. Dá mbeadh fear pósta bheadh cead aige gan seal a chaitheamh in Arm na Róimhe. Bhí ganntanas mór saighdiúirí san arm faoi lár an tríú haois ámh agus cuireadh an ghoimh dhearg ar an Impire Claudius nuair nach raibh na fir seo, ar Chríostaithe iad, ar fáil le dul i mbun troda ar son na hImpireachta. Gabhadh Vailintín agus tugadh os comhair an Impire Claudius Gothicus é. Ar dtús, deirtear gur réitigh an bheirt fhear go maith le chéile ach nuair a d’impigh Vailintín air iompú ar an gCríostaíocht, chas an tImpire ina choinne. Iarradh ar Vailintín Dia na Críostaíochta a shéanadh agus déithe págánacha na Róimhe a adhradh. Dhiúltaigh sé glan dó sin agus mar sin baineadh an cloigeann de i gcathair na Róimhe ar an 14 Feabhra sa bhliain 269. Deineadh mairtíreach ar son na Críostaíochta de, an lá sin.
Níorbh é sin deireadh scéal San Vailintín, áfach. Scaip a cháil i bhfad is i gcéin. Scaipeadh a chuid taisí ar fud na hEorpa. Os cionn dhá chéad bliain tar éis a bháis, sa bhliain 496, d’fhógair an Pápa Gelasius I go ndéanfaí San Vailintín a cheiliúradh mar mhairtíreach Críostaí ar an 14 Feabhra feasta. Deirtear anois go bhfuil taisí dá chuid le feiceáil i séipéil sa Spáinn, sa Pholainn, sa Ghréig, i bPoblacht na Seice, in Albain, i Sasana, sa Fhrainc, i gCathair na Róimhe féin agus ar ndóigh i lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Is in Eaglais Shráid na mBráithre Bána i gCathair Bhaile Átha Cliath atá taisí agus fuil de chuid San Vailintín. Tugadh go cathair Bhaile Átha Cliath iad sa bhliain 1836. Bronntanais ón bPápa Gréagóir XV a bhí iontu. Is i mbuidéilín gloine sa séipéal a choimeádtar fuil San Vailintín. Taiseagán tábhachtach atá ann. Tá na céadta míle duine tar éis cuairt a thabhairt ar an séipéal agus ar na taisí úd thar na blianta agus achainíocha éagsúla acu. Is cosúil go bhfuil an-chuid cúnaimh tugtha ag San Vailintín do dhaoine aonair agus go deimhin do lánúineacha in Éirinn agus thar sáile thar na blianta! Beannachtaí na Féile Vailintín orainn uilig!
Gluais
grá lánúine = grá idir beirt pháirtithe in athuair = arís cúis an cheiliúrtha = an fáth a ndéantar ceiliúradh cíoraimis = féachaimis go géar faoi léigear = faoi ionsaí a adhradh = to worship
d’adhair siad = they worshipped
fás na gluaiseachta reiligiúnaí seo = the growth of this religious movement
óbhéal= orally
ámh = áfach cionscríobh = tréimhse ama éigeantach a chaitheamh san arm conscription
an ghoimh dhearg = an-fheargach ar fad mairtíreach = duine a fhaigheann bás ar son na Críostaíochta an cloigeann = an ceann taisí = codanna dá chorp = relics
feasta = ón mbliain sin ar aghaidh = henceforth
Eaglais Shráid na mBráithre Bána = Whitefriar Street Church
taiseagán = áit a gcoiméadtar na taisí achainíocha éagsúla = guíonna difriúla
Ceisteanna
1. Conas a dhéantar Lá Fhéile Vailintín a cheiliúradh gach bliain? Is leor dhá phointe eolais.
2. Cén saghas cúnaimh a thugadh San Vailintín do Chríostaithe na Róimhe?
3. Cén fáth ar fhéach Impirí éagsúla na Róimhe ar na Críostaithe mar bhagairt?
4. Conas a fuair San Vailintín bás?
5. Cén áit a bhfuil taisí de chuid San Vailintín le feiceáil? Is leor trí thír a lua.
6. Cathain a tháinig fuil agus taisí San Vailintín go hÉirinn?
7. An bhfuil mórán daoine tar éis cuairt a thabhairt ar thaiseagán San Vailintín i mBaile Átha Cliath le himeacht na mblianta?
8. Tá ceithre bhriathar i gcló dubh sa sliocht thuas. Cén aimsir ina bhfuil na briathra seo? Ag obair leis an duine in aice leat, smaoinigh ar bhriathra eile san aimsir sin. Cuir liosta le chéile de chúig bhriathar eile san aimsir sin. Bain úsáid as www.teanglann.ie agus as an nasc a bhfuil Gramadach air má bhíonn cabhair uait.