Buillí troma d’iarracht Ghaillimh 2020
Ní hamháin go raibh ar lucht eagraithe Ghaillimh 2020 an searmanas oscailte oifigiúil a chur ar ceal de bharr na Stoirme Ciara Dé Sathairn ach fuair siad drochscéal oíche Dé Luain faoi mhaoiniú.
Rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe cinneadh gan €2m breise a infheistiú sa togra ag cruinniú míosúil an údaráis.
“Cé nach é an toradh a rabhamar ag súil leis, táimid tiomanta do chlár imeachtaí a chur ar siúl,” a dúirt urlabhraí. “D’éirigh thar cionn leis an turas tine, a las suas bailte beaga agus bailte móra ar fud an chontae an tseachtain seo caite.”
Tá foireann Ghaillimh 2020 ag rá go bhfuil bealaí eile maoinithe á fhiosrú acu faoi láthair don cheiliúradh.