Irish Independent - Seachtain

COIMEÁD SÚIL AR

Réiteoirí CLG

-

Ní feall soiniciúil go dtí é. Rug imreoir Thír Eoghain, Ben McDonnell, ar David Clifford, captaen Chiarraí, timpeall ar a mhuineál agus tharraing go talamh é.

Bhí cárta buí ag an gCiarraíoc­h ó rud a tharla roimhe sa chluiche. Cé nár throid sé in éadan a chéile comhraic, fuair an bheirt acu cártaí buí ón réiteoir. Agus toisc go raibh cárta buí ag Clifford cheana féin, fuair sé cárta dearg.

Tá an eachtra seo sa chluiche sraithe á cáineadh go géar. Bhí cártaí dubha á mbronnadh ag Fergal Kelly ar imreoirí eile ar an taobh eile den pháirc. Chuir na maoir cúil ar an eolas é faoin eachtra.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland