BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE
Ní cluiche don imreoir ina chéad chomórtas a bheidh sna babhtaí cáilithe in éadan na Slóvaice a imreofar an mhí seo chugainn, a thug Mick McCarthy le fios ag tús na seachtaine seo.
Imreoirí le taithí agus a thuigeann an brú a ghabhann le cluiche beatha nó báis mar seo a bheidh ar aigne ag Bainisteoir Phoblacht na hÉireann agus é ag tabhairt aghaidh ar na cluichí an-tábhachtach seo.
Ní hamháin go bhfuil seans na foirne a bheith sna babhtaí craoibhe ag brath ar bhua sna cluichí an mhí seo chugainn ach chuirfeadh torthaí maithe le meanman Chumann Peile na hÉireann ag am a bhfuil cinniúint an chumainn ag brath ar an instealladh airgid a leanfadh rannpháirtíocht i mbabhtaí craoibhe Chorn na hEorpa.
Údar dóchais do Mick McCarthy go bhfuil Shane Long, a bhí gortaithe go minic roimhe seo, ar ais ag imirt go maith do chéad fhoireann Southampton.
“Caithfidh sé imirt má tá sé ag iarraidh a bheith san áireamh don fhoireann,” a dúirt Mick.