Bua eile d’Éirinn - ach an dúshlán is mó fós le teacht
Bhí buanna ceannasacha ag trí fhoireann rugbaí na hÉireann na fir, na mná agus na fir óga faoi 20 - in éadan na Breataine Bige ag an deireadh seachtaine agus anois beidh orthu ar fad ullmhú do dhúshlán mór in éadan Shasana.
Is cinnte go raibh foireann Andy Farrell i bhfad níos fearr Dé Sathairn agus ag iad tabhairt ceacht rugbaí do churaidh na caithréime móire ón mbliain seo caite.
Bhí taispeántas iontach ó Josh Van der Flier agus Andrew
Conway agus d’éirigh leis na tosaithe fir mhóra Cymru a chur ag streachailt i rith an chluiche.
Is léir ó thaispeántas na mban agus na bhfear óg faoi 20 go bhfuil gealladh mór faoi rugbaí na tíre seo nach raibh le sonrú le blianta beaga anuas.