An Ghaeilge i lár an aonaigh ó thuaidh is ó dheas: Uachtarán
Tá stádas oifigiúil ag an nGaeilge ó thuaidh is ó dheas agus níor cheart beag a dhéanamh den chlaochlú seo!
B’in an teachtaireacht dhóchasach a bhí ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus é ag labhairt ag Ard-Fheis an eagrais i nGaillimh ag an deireadh seachtaine.
Dar leis an Dr Comer, a atoghadh ina Uachtarán den tríú seal, go raibh an “claochlú tábhachtach agus cinniúnach”.
Agus níl an obair sin críochnaithe go fóill - ná baol air - a thug ArdRúnaí an eagrais, Julian de Spáinn, le fios.
“Ar bharr an liosta, beimid ag díriú ar na gealltanais a tugadh san olltoghchán ó dheas agus muid ag lorg chothrom na Féinne do phobal na Gaeilge ó thaobh ceart agus maoinithe de.”
Beidh Ard-Fheis 2021 á thionól ar an Aonach i gContae Thiobraid Árann.