DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: ‘CUMHACHTÚ NA MBAN’
Nílim i dtionscal na “leanaí siúcra” ach is cosúil go bhfuil borradh faoin ngnó in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe na laethanta seo.
Níl a fhios agam ach oiread ar chóir dom é seo a chur san áireamh mar dhea-scéal nó mar dhroch-scéal - dea-scéal ó thaobh “cumhachtú na mban” agus drochscéal ó thaobh an fiachas go léir a chaithfidh daoine óga íoc as sa tromluí caipitleachais imithe ó smacht a chaithfidh muid go léir a fhulaingt anois.
Rachaidh muid leis an taobh dearfach de. Tá iníon léinn Éireannach amháin as Béal Feirste ag cruthú ceannlínte lena cúig “dhaide siúcra” (tá brón orm) chun a cuid táillí ollscoile a íoc i Sasana. Iarrann Gracie Adams (19) thart ar
€95 ar dháta dinnéir, €100 breise más mian leis an té atá léi a culaith a roghnú agus ansin de ghnáth fágann siad tip de thart ar €150 di. Áitíonn Gracie gur caidreamh platónach amháin é leis na fir seo go léir agus tá a buachaill agus a muintir an-tacúil di. Deir Gracie go bhfuil an gnó seo go léir aici tríd an suíomh gréasáin conspóideach
“Seeking Arrangments”.
DROCHSHEACHTAIN: COIRPEACH LE
Is dócha gur chuala tú faoi Bitcoin. Tá a lán úsáidí leis, agus tá an anaithnideacht an-tarraingteach do dhaoine ar mian leo idirbheart neamhdhleathach a dhéanamh nó sócmhainní a cheilt ón rialtais. D’úsáid Clifton Collins ó Chromghlinn Bitcoin chun airgead a stóráil in 2011, agus phléasc an t-airgeadra go luach níos mó ná €50 milliún ar a thaisce. Fadhb amháin, goideadh an bosca ar chuir sé na pasfhocail i bhfolach ann - is dóichí go ndeachaigh sé chuig saoráid diúscartha sa tSín ó shin agus gur scriosadh é tar éis a bheith curtha ar leataobh ag tiarna talún tar éis Collins a ghabháil.
Glacann an Biúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) lena scéal gur chaill sé na pasfhocail - ach tá siad fós ag iarraidh teacht ar na cuntais chun luach an Bitcoin a bhí aige a bhailiú.