Fáilte go Réidh le Plé! na seachtaine seo.
! Fáilte go Réidh le Plé! na seachtaine seo. Tá ábhar nua agus spreagúil agam do lucht na Sraithe Sóisearaí i scoileanna T1 agus T2, le gníomhaíochtaí agus le freagairt phearsanta ar an ngearrscannán iontach An tÁdh. Tá an gearrscannán seo ar liosta molta na chéad bhliana do scoileanna T1 agus T2 araon. Lena chois sin, tá freagra samplach agus ceisteanna agam do lucht na hArdteistiméireachta ar an gcarachtar Máire sa dráma An Triail. Tá súil agam go mbainfidh sibh idir taitneamh agus tairbhe as ábhar na seachtaine seo.
Go n-éirí leat leis an obair
Shane
Gearrscannán: AntÁdh
Bliain: 2014
Stiúrthóir: Colm Bairéad
Scríbhneoir: Medb Johnstone
Léiritheoir/ Comhlacht Léiriúcháin: Deirdre Ní Fhlaithearta/ ROSG
Féach ar an ngearrscannán AntÁdh sa rang ar TG4 Foghlaim sa rannóg ‘Gearrscannáin’. Tar éis duit féachaint air uair amháin labhair leis an duine in aice leat agus déanaigí iarracht na ceisteanna bunúsacha seo a fhreagairt ó bhéal.
Ceisteanna labhartha
1. Cad is ainm do thriúr phríomhcharachtair an ghearrscannáin seo?
2. Cá bhfuil an gearrscannán suite?
3. Cá bhfuil na buachaillí ag spraoi sa chéad radharc den scannán?
4. Cá dtéann siad ina dhiaidh sin?
5. Cén plean atá ag duine de phríomhcharachtair an ghearrscannáin?
6. Conas a shocraíonn siad ar an duine a bheidh ag fanacht siar ar an gcé?
7. Cé a tharraingíonn an tráithnín is faide?
8. Conas a mhothaíonn an carachtar sin nuair a tharraingíonn sé an tráithnín is faide?
9. Cé leis an bád a thugann na buachaillí eile go dtí an cluiche peile?
10. Cad a tharlaíonn ag deireadh an ghearrscannáin?
Nuair a bheidh na ceisteanna thuas freagartha agaibh féachaigí ar an ngearrscannán don dara huair agus ansin freagair na cúig cheist seo a leanas sa chóipleabhar.
Ceisteanna scríofa
1. Ar thaitin an gearrscannán leat? Cén fáth? Tabhair dhá chúis ar thaitin nó nár thaitin sé leat.
2. Cad is ciall le teicnící scannánaíochta? Déan liosta de thrí cinn díobh atá le feiceáil sa ghearrscannán seo.
3. Scríobh cuntas ar cheann amháin de na teicnící seo. Is leor thart ar 30 focal.
4. Cén ceacht atá le foghlaim sa ghearrscannán seo?
5. Cad a cheapann tú faoi chríoch an ghearrscannáin?
Ceist fhada
Tá críoch an ghearrscannáin seo tragóideach. Ba mhaith le TG4 é a thaispeáint do pháistí na Gaeltachta ach ceapann lucht TG4 go bhfuil an chríoch róghruama do pháistí óga. Scríobh críoch eile don ghearrscannán seo - críoch shona.