Irish Independent - Seachtain

Freagairt phearsanta ar an ngearrscan­nán An tÁdh

-

D’fhéach mé ar an ngearrscan­nán An tÁdh i rith mo chúrsa. Scannán iontach ach scanrúil a bhí ann. Cheap mé gur chuir suíomh an ghearrscan­náin, Conamara i gContae na Gaillimhe, go mór le hinsint an scéil. Cuireadh tús leis an ngearrscan­nán le Liam, Mícheál agus Séamus ag spraoi le chéile. Dlúthchair­de ba ea an triúr seo. Bhí leadrán orthu go dtí gur smaoinigh Liam go rachaidís go cluiche peile a bhí ar siúl in Árann níos déanaí an lá sin. Bheadh orthu dul i bhfolach i mbád Tom Bhig le dul go dtí an cluiche agus ní raibh ann ach spás do bheirt. Dhéanfaidí­s tarraingt le go bhfeicfidí­s cé acu a d’fhanfadh sa bhaile. Nuair a bhí sé de mhí-ádh ar Liam an tráithnín ab fhaide a tharraingt, rud a chiallaigh go mbeadh air a bhealach féin a dhéanamh chuig an gcluiche nó fanacht sa bhaile, bhí an-trua agam dó.

Cara maith, dílis a bhí i Liam áfach, agus chabhraigh sé lena chairde dul i bhfolach i mbád Tom Bhig. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur imigh an bád amach go dtí an cluiche le Mícheál agus Séamus ar bord. Rith Liam síos ar an trá agus rinne sé iarracht bád beag a tharraingt amach chun go rachadh sé go dtí an cluiche leis féin sa bhád. Theip air an plean seo a chur i gcrích. Shleamhnai­gh sé agus thit sé i laige ar an trá. Dhúisigh Liam cúpla uair an chloig níos déanaí agus an ghrian ag dul faoi, é fliuch go craiceann. Bhí brón orm gur chaill sé an deis dul amach ar an mbád beag.

Rinne sé a bhealach abhaile go brónach, tuirseach ansin, agus ceol brónach le cloisteáil i gcúlra an scannáin. Bhí sé fliuch báite agus drochscéal­a i ndán dó. Chuaigh sé isteach an doras agus bhí an Garda áitiúil agus athair Shéamuis sa chistin ag caint le tuisimithe­oirí Liam. Thuig Liam ansin gur tharla rud éigin uafásach. Fuair na buachaillí eile bás i dtimpiste ar an bhfarraige. Bhí faoiseamh an domhain ar mháthair Liam nach raibh a mac féin sa bhád. Níl aon amhras faoi ach go raibh an t-ádh dearg le Liam. Bhí an scannán go hiontach agus thaitin sé go mór liom.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland