An Triail: Freagra Samplach
‘Bean láidir, neamhspleách atá i Máire Ní Chathasaigh a sheasann an fód in aghaidh claontacht na sochaí.’ An ráiteas seo a phlé.
Níl aon amhras faoi ach gur bean láidir agus neamhspleách atá i Máire Ní Chathasaigh. Léiríonn sí na tréithe seo dá pearsantacht ó thús deireadh an dráma tragóidigh, An Triail. Ní hiad an láidreacht agus an neamhspleáchas an t-aon dá ghné a léiríonn sí, áfach. Léirítear dúinn gur bean shoineanta shaonta atá inti chomh maith. Is carachtar ilghnéitheach í ach níl aon dabht faoi ach gur gnéithe dá pearsantacht iad an láidreacht agus an neamhspleáchas.
Titeann Máire Ní Chathasaigh i ngrá le Pádraig Mac Cárthaigh, an máistir scoile áitiúil. Is cladhaire é Pádraig nach ndéanann beart de réir a bhriathar. Deir sé léi go bhfuil siad pósta ar a chéile ach níl sa mhéid sin ach cur i gcéill mar tá bean chéile ag Pádraig cheana féin. Bíonn caidreamh collaí ag an mbeirt acu le chéile agus éiríonn Máire torrach. Ar dtús faigheann deartháireacha Mháire amach go bhfuil sí torrach agus ansin tugann máthair Mháire faoi deara go bhfuil a hiníon torrach. Tá sí ar deargbhuile léi agus caitheann sí amach as an teach í, ag rá go náireodh a leithéid de rud máthair Mháire ‘os comhair na gcomharsan’. Ní theipeann ar mhisneach Mháire áfach agus téann sí go Baile Átha Cliath, áit a bhfaigheann sí post mar chúntóir tí i Ráth Garbh. Léiríonn Máire a neamhspleáchas, agus feictear dúinn cé comh láidir is atá sí sa chuid seo den dráma sa mhéid is go leanann sí ar aghaidh lena saol i gcathair choimhthíoch, áit nach bhfuil aithne aici ar aon duine. Níl sí ag géilleadh in aon chor do chlaontacht shochaí na linne sin.