An Triail: Freagra Samplach
Éiríonn go maith le Máire i dteach na mná uaisle i Ráth Garbh go dtí go dtugann an bhean uasal faoi deara go bhfuil Máire ag iompar clainne agus í gan a bheith pósta. Iarrann sí ar a cara, Áine Ní Bhreasail, ar oibrí sóisialta í, ‘teacht i gcabhair’ ar Mháire trí impí uirthi dul go neachtlann nó teach tearmainn. Glacann Máire lena comhairle agus téann sí isteach sa teach tearmainn, áit a dtugann sí a hiníon, Pádraigín, ar an saol. Is iomaí bean a dteipfeadh ar a misneach faoin tráth seo ach éiríonn le Máire a hiníon a thabhairt léi ar fhágáil an tí tearmainn di. Diúltaíonn sí glan a leanbh óg a thabhairt suas ar altramas. Tá neamhspleáchas intinne agus láidreacht phearsantachta léirithe arís eile ag Máire Ní Chathasaigh. Ba é an nós a bhí ann ag an am ná go dtabharfadh an mháthair a leanbh óg suas ar altramas agus go bhfaigheadh an leanbh baile deas di féin nó dó féin le daoine creidiúnacha, meánaicmeacha. Ní bhacann Máire lena leithéid de nós. Deir sí gurb í féin máthair Phádraigín agus nach scaoilfidh sí léi go deo.
Éiríonn le Máire lóistín a fháil di féin agus dá leanbh agus faigheann sí post i monarcha sa chathair. Díreach mar a tharla i Ráth Garbh, oibríonn Máire go dian dícheallach go dtí go mbuailtear buille trom eile uirthi nuair a thiteann an t-árasán ina bhfuil cónaí uirthi féin agus ar Phádraigín anuas lá. Tá sí i ndeireadh na feide. Tagann ‘aingeal coimhdeachta’ i gcabhair uirthi ag an bpointe seo sa dráma. Is í Mailí an t-aingeal coimhdeachta seo. An tAingeal dubh a ghlaoitear uirthi. Chuir an bheirt acu aithne ar a chéile sa teach tearmainn agus tairgeann Mailí lóistín di san áit ina bhfuil cónaí uirthi féin. Is striapach í Mailí agus tá sí ag cur fúithi i dteach an mhíchlú ach ní chuireann sé sin isteach nó amach ar Mháire. Mholfaí do dhaoine in Éirinn sna seascaidí luatha gan a bheith i gcuideachta leithéidí Mhailí ach seasann Máire an fód arís agus tugann sí an chluas bhodhair don saghas sin molta. Is bean neamhspleách agus láidir í, gan dabht.
Níl dearmad déanta ag Máire ar a leannán, Pádraig Mac Carthaigh, ná baol air. Tá sí ag súil go dtiocfaidh sé chuici lá éigin agus go mbeidh caidreamh ceart acu le chéile arís. Tá soineantacht Mháire le feiceáil anseo. Nuair a thagann Pádraig i dteannta a charad, Colm, go teach an mhíchlú oíche amháin bíonn ríméad ar Mháire go dtí go nochtar di nach bhfuil spéis dá laghad ag Pádraig inti ná ina leanbh féin, Pádraigín. Ar deireadh agus an dóchas sin a choinnigh ag imeacht í go nuige sin imithe, teipeann ar mhisneach Mháire. Níl an neart sin inti a thuilleadh.
Maraíonn sí Pádraigín agus cuireann sí lámh ina bás féin. Fiú ag deireadh an dráma, le gníomhartha deiridh Mháire ní dhéanann sí an rud a mbeadh sochaí a linne ag súil leis. Bhí stiogma mór ag baint leis an bhféinmharú in Éirinn sna seascaidí luatha ach ní chuimhníonn Máire ar a leithéid óir níl sí in ann leanúint ar aghaidh sa saol seo.
Deireadh tragóideach a chuirtear os ár gcomhair. Léiríonn Máire Ní Chathasaigh láidreacht agus neamhspleáchas ag amanna cinniúnacha sa dráma, An Triail. Anuas air sin, tugann sí neamhaird ar thuairimí na sochaí go minic freisin. Faraor, faigheann strus an tsaoil an lámh in uachtar uirthi sa deireadh agus ní fhéadann sí leanúint ar aghaidh.
Gluais
carachtar ilghnéitheach: carachtar a bhfuil a lán gnéithe ann cladhaire: duine nach féidir muinín a bheith agat as beart de réir a bhriathar: ní chloíonn sé lena gheallúintí caidreamh collaí: caidreamh gnéis cathair choimhthíoch: cathair nach bhfuil aon chur amach agat uirthi buille trom: heavy blow tairgeann: ofrálann gníomhartha: actions ní fhéadann sí: ní féidir léi