Ceacht á mhúineadh ag Kneecap do mheáin na Breataine
“Is Irish a real language? No. We made it up to wind the Brits up.
Faoin am a bheidh sé seo léite agat beidh breis is 1m amharc faighte ag físeán ina dtugann Kneecap, an banna ceoil ó Bhéal Feirste, freagraí conspóideacha ar “cheisteanna amaideacha” ó mheán Briotanach.
Faoi láthair tá Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí tar éis teacht go deireadh a gcamchuairte ‘Farewell to the Union’ i Sasana agus Albain agus gach ionad inar cheol siad lán go doras. I ndiaidh a gcoirmeacha
i Sasana, tá aghaidh á tabhairt acu ar na Stáit Aontaithe.
Agus iad i Sasana cuireadh faoi agallamh iad ar Joe.co.uk agus iarradh orthu freagraí a thabhairt ar na ceisteanna amaideacha
a chuireann na meáin Shasanacha ar Éireannaigh arís agus arís eile.
Ceisteanna ar nós: “Is Irish a real language?”
“No. We made it up to wind the Brits up. Yes, it is the three of us speak it. And it’s not called ‘Gaelic’ - that’s a sport!”
Nó: “What does your name mean in English? “
“Everything isn’t translated into English – you wouldn’t ask a Portuguese fellow that – I mean, Christian Ronaldo, what’s your name in English? Crickey, Crickey Reynolds?”
Bhí go maith os cionn 950,000 amharc faighte ag an bhfíseán atá ar fáil ar chuntas @KNEECAPCEOL ar Twitter. Bí ullamh le haghaidh go leor drochchainte agus ráitis dhalba eile ó bhéal na mbuachaillí.
Ní fhéadfadh an phoiblíocht seo teacht ag am níos oiriúnaí don bhanna agus ticéid dá gcamchuairt Éireannach, “The Occupied Six” ar díol anois.
Anuas air sin tá siad ainmnithe do ghradaim ‘Hottie’ leis an iris cheoil, Hot Press. Is iontach an chaoi ar chabhraigh cosc RTÉ ar a gcéad amhrán, C.E.A.R.T.A., leo dul chun cinn a dhéanamh agus ní fios cá stadfaidh seo!