Irish Independent - Seachtain

Ní laochra ach maistíní iad san a bhí ag tromaíocht ar Caroline

- DÁITHÍ ÓSÉ

Tá breis agus seachtain anois ó chuir Caroline Flack lámh ina bás féin. Níl aon dabht ann ach gur bhain sé seo preab as gach éinne, fiú amháin iad siúd nár chuala fúithi riamh.

Le bheith fírinneach, dá mbeadh sí tar éis a bheith suite in aice liom ar bhus ní bheadh aithne agam uirthi, cé go raibh a hainm cloiste agam go minic.

Deintear dearúd uaireanta i gcás daoine a bhíonn i mbéal an phobail gur daoine atá iontu chomh maith agus is olc an scéal é go dtagann sé go dtí an pointe seo chun ceann a thabhairt dó sin. Ba iníon í Caroline Flack. Deirfiúir a bhí inti chomh maith agus níl ansin ach a thús.

Bhí sé suimiúil le seachtain anuas a bheith ag féachaint agus ag éisteacht le daoine atá i mbéal an phobail agus an méid a chaitear leo. Níl aon dabht ann ach go bhfuil an tuin athraithe agus leis na meáin shóisialta anois tá cead do chos agat dul agus pé rud is maith leat a rá fé aon duine is maith (nó nach maith) leat. Níl aon dabht ach go mbeidh an lá leis na laochra méarchláir má scaoileann muid leo, sea iad siúd a bhíonn ag bualadh leo ar an idirlíon mar níl aon tslí eile acu.

An tslí is fearr chun stop a chur leo ná gan éisteacht leo.

Tuigim go bhfuil sé seo deacair agus má bhíonn drochlá ag duine go bhfuil sé níos deacra aríst, ach dúinne a mhaireann sa bhfíorshao­l, agus maireann siad seo chomh maith, má chasann tú do dhrom níl faic níos mó a chuireann isteach orthu.

Sin an fáth go n-oibríonn an t-idirlíon chomh maith dóibh, tá na mílte spriocanna­í acu agus leanann siad orthu go dtí go bhfaighean­n siad duine atá lag agus thíos.

Is bulaíocht atá ann, chomh simplí leis sin! Tá sé tagtha go pointe anois go gcaithfidh an Rialtas bogadh isteach. Ní stopfaidh sé seo go dtí go mbainfear an uirlis (an t-idirlíon nó pé árdán) a úsáideann siad.

Níl aon tslí eile amach as seo dár liom agus is measa atá an scéal ag éirí. Tá idir óg agus aosta ag gabháil do agus caithfidh sé stad!

Ag dul ar ais go Caroline Flack, is cosúil nár nuacht í seo níos mó, táimid bogtha ar aghaidh go rud éigin eile agus déanfaimid an rud céanna amárach. Sin an saol ina mairimid.

Bhíothas ag caint le daoine eile sna meáin agus chuireas an cheist orthu an dtiocfaidh aon athrú air seo ar fad? Agus bhí an freagra céanna acu ar fad.

Ní thiocfaidh.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland